Tionscadail

Bíonn cruinniú boird ann le gach iarratas a mheas de réir maitríse scórála de réir na dtreoirlínte a cuireadh chuig gach iarratasóir.

Léiríonn na poncanna glasa ar an léarscáil thíos na háiteanna uilig as ar tháinig na hiarratais ar glacadh go dtí seo leo. Tá leibhéil ullmhachta éagsúla le sonrú ar réimse iarratasóirí idir ghrúpaí atá ag feitheamh le litir thairisceana ar chomh-mhaoiniú agus iad siúd atá ag feitheamh le cead tógála agus iad siúd eile a bhfuil an tionscadal ag dul amach ar tairiscint chuig conraitheoirí nó chuig dearthóirí.

Click to open detailed map