big Picture
Ba mhór leis an Chiste Infheistíochta Gaeilge iarratais trí phróiseas oscailte ó ghrúpaí pobail Gaeilge ar mhaith leo iarratais chaipitil a thabhairt chun cinn le tionscadail chaipitil inbhuanaitheacha a fhorbairt, tionscadail a chuirfidh le soláthar seirbhísí d’earnáil na Gaeilge agus a éascóidh le tacú, le cruthú agus le forbairt phobal na Gaeilge.   
 
Beidh fairsinge agus éagsúlacht tionscadal ann agus táthar ag súil go mbunófar ar thionscadail le buntréithe sóisialta agus cultúrtha iad agus go mbeidh tionscadail eile ann bunaithe ar thréithe eacnamaíocha agus tráchtála araon agus iad faoi chúram eagras pobal. 

Agus sinn ag meas na moltaí uilig, beidh aird mhór ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach.

Beidh aird ar leith ar bhunú straitéiseach tíreolaíochtúil ‘croícheantar cultúrtha’ sna Sé 
Chontae. Éascóidh sé seo teacht i réimse mhór áiteanna ar sheirbhísí agus ar áiseanna sa Ghaeilge. Ar na nithe ar a mbeidh muid ag díriú airde, beidh:  
  • Tacú le tionscadail chaipitil a thacóidh leis an bhorramh leanúnach atá faoin Ghaeilge agus faoin chultúr a bhaineann léi sna croícheantair chultúrtha fhadbhunaithe agus ag tacú le tionscadail chaipitil le pobail Ghaeilge eile atá ag teacht chun cinn ach a bhfuil infreastruchtúr de dhíth orthu.
Is ciste forbartha caipitil é An Ciste Infheistíochta Gaeilge (An Ciste). Tá maoiniú ón
chiste ina dhá chatagóir:

Scéim na Miondeontas:

Faoin scéim seo, measfar moltaí a bhfuil costas idir £10,000 agus £100,000 leo.
Sna cásanna seo de ghnách, bheadh muid ag dúil le 75% de na costais a íoc. Is
ranníocaíocht airgid a bheidh sa 25% eile (glacfar le luach suímh/foirgnimh mar chuid
den 25% eile sin).

Scéim na bPríomhdheontas:

Baineann an scéim seo le moltaí a chosnóidh breis is £100,000. Le hiarratais den sórt
seo, is féidir linn de ghnách 50% den chostas a bhronnadh. Is ranníocaíocht airgid a
bheidh sa 50% eile (glacfar le luach suímh/foirgnimh in áit an 50% eile sin).

Féidearthachtaí Foinsí Comhchistiú

www.sward.org.uk

www.growsouthantrim.com

www.arcnorthwest.com

www.soarni.org

www.eugrants.org

www.downruralareapartnership.com

www.laganruralpartnership.com

www.northeastrdp.com

www.irlfunds.org

www.internationalfundforireland.com

Seo thíos samplaí de thionscadail a shásódh easnamh nó riachtanas agus arbh fhéidir a
soláthar trí mheán na Gaeilge:
  • Tionscadail atá dírithe ar riachtanais shóisialta aitheanta (m.sh. soláthar chúram lae)
  • Tionscadail thurasóireachta cultúrtha
  • Tionscadail ealaíne agus chultúrtha
  • Tionscadail fhorbairt phobail
  • Tionscadail thimpleallachta
  • Tionscadail oidhreachta
  • Tionscadail oiliúna
  • Tionscadail athnuachana
  • Tionscadail a chuidíonn le soláthar seirbhísí a dhíríonn aird ar riachtanais earnáil na Gaeilge m.sh., gnónna meáin, gnónna foilsitheoireachta, gnónna aistriúchán srl.
Tionscadail ar nós fiontraíochta sóisialta.