Bí ar an eolascláraigh leis >>

Cláraigh leis an Nuachlitir agus faigh gach eolas úr agus uasdátú ar imeachtaí

Ár nGréasán Sóisialta

Lean sinn ar:
Twitter Facebook Youtube

Uasdátú

Obair ag dul ar aghaidh

Tuairisc Cheann Bliana 2010-2011

Foluntais

Ciste Infheistíochta na Gaeilge le deontais thacaíochta £654,123 a láimhseáil thar ceann Roinn an Phobail
Eagraíochtaí a bhfuair maoiniú (2020/21):

EagraíochtMaoiniú
An Droichead Teo45,096
An Gaeláras Ltd. (Cultúrlann Uí Chanáin)43,288
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain38,500
Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar11,660
Conradh na Gaeilge Craobh na Lorgain3,745
Coiste Forbatha Charn Tóchair59,239
Coiste Ghaeloideachis Chromghlinne29,080
Croí Éanna45,190
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich33,768
Cumann Chluain Ard27,900
Gaeláras Mhic Ardghail28,897
Glór Dhún Geimhin29,960
Glór na Móna Teo33,900
Glór na Speiríní4,254
Grúpa Forbatha Pobail Ghlór Léim an Mhadaidh21,779
Ionad Uíbh Eachach27,692
Iontaobhas na Gaelscolaíochta32,256
Pobal Mhuileann an tSiáin3,360
Raidió Fáilte24,950
Scoil na Fuiseoige62,309
Foinse Foghlama (eagraíochta éagsúla)47,300
MAOINIÚ IOMLÁN654,123

Ról s’againne

Is léir le fada an lá go bhfuil bac ar chuid de na heagrais mhaoinithe cuidiú a sholáthar do thionscadail chaipitil fhorbartha Gaeilge de réir na gcritéir lena n-oibríonn siad.


Le dul i ngleic leis an fhadhb seo, oibreoidh An Ciste Infheistíochta Gaeilge ar mhodhanna praiticiúla le heagrais le bealaí straitéiseacha cruthaitheacha a aimsiú le cuidiú le tionscadail chaipitil fhorbartha Gaeilge a chur chun cinn ar fud na Sé Chontae.


Cuirfidh an ciste nuálaíoch seo maoiniú ar fáil le tacú le tionscadail chaipitil a bhfuil géarghá leo agus cuideoidh muid le heagrais le bealaí thógála maoinithe as foinsí eile a uasmhéadú. Mar sin de, beidh tábhacht nach beag leis an fhorbairt leanúnach atá le cinntiú don Ghaeilge ar fud an Tuaiscirt.


Le faobhar a chur ar ár gciste, iarrann muid ar chlann Éireann abhus cur leis an tús nua seo atá ann don Ghaeilge agus dár gcultúr sna Sé Chontae. 


Cinnteoidh an tacaíocht seo uaitse go mbeidh lánmhaoiniú againn do na sainionaid seo atá á bplé againn ar na leathanaigh seo. Roghnaigh Ciste na tograí seo mar eiseamláir bunaithe ar an tábhacht straitéiseach a bheidh leo. Ní hé amháin go mbeidh a dtábhacht féin ag baint leo mar thograí ach spreagfaidh siad tograí cultúrtha, pobail agus eacnamaíocha eile sna réigiúin ina bhfuil siad. Rachaidh an tionchar a bheidh acu i bhfeidhm go mór ar, agus daingneoidh sé, na gníomhaíochtaí cultúrtha agus eacnamaíocha sa chomharsanacht acu chomh maith. 


Tuigeann an rialtas agus eagrais eile sna Sé Chontae gur maoinitheoir suntasach réamh-ghníomhach é Ciste Infheistíochta na Gaeilge. Bhunaigh muid caidrimh oibre go gasta le maoinitheoirí móra eile agus iarrtar ár mbarúlacha agus cinnidh le déanamh. Ar an ábhar go n-oibríonn muid de réir tionchar iolraitheora, tagann maoinitheoirí eile i gcomhar linn agus fágann sé sin go mbíonn gach infheistíocht a dhéanann muid ar bhonn 50:50 ar a laghad – is ionann is a rá go mbaintear an tairbhe is mó as gach dollar a bhronntar orainn.