Is léachtóir sinsearach é Larry McCurry ar Bhainistiú Oibríochtaí agus Athruithe i Roinn an Ghnó Idirnáisiúnta in Ollscoil Uladh, Coláiste Mhic Aoidh, áit a bhfuil sé ag obair ó bhí 1994 ann. Tá dlúthbhaint aige le soláthar cúrsaí gnó agus stiúrann sé clár Máistireachta trasteorann i mBainistiú Nuála sna Seirbhísí Poiblí dóibh siúd atá fostaithe agus an stát agus sa seirbhís phoiblí.
Ar Ollscoil Uladh a bhain an tUasal McCurry bunchéim agus céim na máistireachta sa Ghnó amach. Tá taithí 15 bliain aige ar an tionsclaíocht mar bhainisteoir sinsearach le comhlachtaí ilnáisiúnta sna Stáir Aontaithe, le AT&T i dtionsclaíocht na teileachumarsáide agus le Bose Products i dtionsclaíocht challairí Hi-Fi.
Tá Larry geallta ar fad d’fhorbairt ghairmiúil do cheannairí agus do bhainisteoirí in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, agus is ball é de IPICS (Cumann Smacht Fhardal agus Tháirgí Éireann) agus seal caite aige ar a Bhord Náisiúnta. Tá baint nach beag aige le gníomhaíochtaí aistriú theicneolaíochta ar son na hollscoile agus d’oibir sé le comhlachtaí ar chláir éagsúla le 14 bliana anuas ar nós TCS (Teagasc Scéimeanna Comhlachtaí), KTP (Páirtnéireachtaí Aistriú Eolais) agus Fusion (forbairt ghnó thrasteorann).
Tá Larry ina léachtóir le Straitéisí Gnó, le Bainistiú Athruithe agus le Bainistiú Oibríochtaí. Tá suim aige i dtaighde a bhaineann le Déantúsaíocht Bharainneach agus Déantúsaíocht Éifeachtach Éifeachtúil agus tá suim ar leith aige in aistriú na teicneolaíochta ó chomlachtaí ilnáisiúnta go mionchomhlachtaí, aistriú a bhaineann le Bainistiú Ábhar, le Lóistíocht, le Caighdeáin agus le Bainistiú Athruithe.
D’oibir Larry ag Gael Linn blianta fada ó shin sa rannóg dhianteagaisc theanga, Foras na Gaeilge. D’eagraigh sé dianchúrsaí áitiúla agus cúrsaí samhraidh Gaeilge i mBaile Bhúirne, Iarthar Chorcaigh agus i Machaire an Rabhartaigh atá gar do Ghort an Choirce i dTír Chonaill. Is i dTír Chonaill a casadh Bríd air, an bhean phós sé. Tá siad ina gcónaí ansin ó bhí 1981 ann agus tá beirt pháiste acu, Cathal agus Maria.