Chinntigh Gearóid Mac Ádhaimh an ciste seo, £8m ar fad, ar chaibidlí Chromghlinne i Mí Feabhra 2010 agus díreoidh sé ar nuálaíochtaí caipitil a:
- Chuirfidh le hinbhuanaitheacht na mianta sóisialacha, eacnamaíocha agus cultúrtha atá ag pobal na Gaeilge sna Sé Chontae agus lasmuigh dóibh.
- Chuirfidh cuidiú airgeadais ar fáil i gcur chun cinn straitéiseach agus i bhforbairt phobal na Gaeilge.
- Éascóidh spreagadh forbairtí eacnamaíocha agus cruthú fostaíochta atá ina bhunchloch i bhforbairt phobal Gaeilge inbhuanaithe.